
Earcaíocht - Bainisteoir Tionscadal – Tionscadal Nuachóirithe Radair

Is mian le Met Éireann post Bainisteoir Tionscadal a earcú ina ndéanfar an líonra náisiúnta radar meitéareolaíochta, tionscadal Uasghrádaithe Líonra Radar Aimsire na hÉireann, a nuachóiriú. Caithfidh taithí shuntasach a bheith ag iarrthóirí ar bhainistíocht tionscadal ar leibhéal cuí, ar fhoirne tionscadail a stiúradh agus bainistíocht a dhéanamh ar aschur tionscadail a sholáthar ina measc.
Tá sonraí breise lena n-áirítear foirm iarratais agus leabhrán eolais (i mBéarla amháin) ar fáil ar ár leathanach earcaíochta.
Is é 5pm ar an 22 Bealtaine 2020 an dáta deiridh chun iarratais críochnaithe a chur isteach.