
Scrúdaigh Dréachtchlár na dToghthóirí roimh an 25 Samhain 2016
Published on Wednesday, 02 Nov 2016

Tá Dréachtchlár na dToghthóirí ar taispeáint in oifigí na Comhairle Cathrach/Contae/Cathrach agus Contae, Stáisiúin na nGardaí, Leabharlanna, Oifigí an Phoist agus ar líne ag www.checktheregister.ie go dtí an 25 Samhain 2016.
Má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine ba chóir duit scrúdú a dhéanamh go bhfuil d’ainm, seoladh agus sonraí eile go cruinn beacht ar an Dréachtchlár agus, má tá botún ann, cuir é sin in iúl don údarás clárúcháin roimh an 25 Samhain 2016.